5 Beidh díomas Iosrael mar fhinné ina coinne;bainfidh a cuid urchóide barrthuisle as Eafráimagus tuisleoidh Iúdá mar aon leo.
6 Lena dtréada caorach agus bó rachaidh siad ar thóir an Tiarna,ach ní bhfaighidh siad é;is amhlaidh atá sé imithe uathu.
7 Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarnaagus clann bhastard a bhreith.Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.
8 Séidigí an stoc i nGibeá,an buabhall i Rámá!Tógaigí gártha rabhaidh i mBéit Ávan.Músclaígí Biniáimin!
9 Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe.I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinnea bhfuilim cinnte dearfa di.
10 Lucht aistrithe teorainneacha is ea flatha Iúdá;ligfidh mé mo racht amach orthu mar dhíle báistí.
11 Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart,óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.