1 Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas,nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire.Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad;bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe,agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
2 Ní mheabhraíonn siad dóibh féingo gcoinním cuimhne ar a n‑olcas uile;ach tá a n‑ainghníomhartha á gciorclú;ar m'aghaidh féin amach atá siad.
3 Le teann mioscaise déanann siad sult don ríagus as corp camastaíola bíonn siad ag spraoi leis na flatha freisin.
4 Adhaltraigh iad uile, sorn lán tine,nach ngríosaíonn an báicéir a thuilleadh,ó fuintear an taos go dtí go n‑ardaíonn sé.
5 Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíonaagus craitheann seisean lámh le scigirí.
6 Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,bíonn a gcroí cosúil le sorn;mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.
7 Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.