5 Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíonaagus craitheann seisean lámh le scigirí.
6 Nuair a bhíonn comhcheilg ar siúl acu,bíonn a gcroí cosúil le sorn;mar bíonn a gcuid feirge ag cnádú léi ar feadh na hoíche go léir,ach ar maidin bladhmann sí amach ina caoiríl thine.
7 Tá siad go léir ar lasadh amhail sorn;tá a rialtóirí á n‑ídiú acu agus a ríthe uile ar lár;agus níl duine díobh a ghlaonn ormsa.
8 Tá Eafráim ag déanamh caidrimh leis na náisiúin;is cosúil le císte nár iompaíodh é.
9 Tá na heachtrannaigh ag ídiú a nirtagus ní bhraitheann sé dada!Is ag dul i léithe atá a chuid gruaigeagus ní heol dó é!
10 Tá díomas Iosrael ag tabhairt fianaise ina aghaidh;agus ar a shon sin agus uileníl siad ag filleadh ar an Tiarna, a nDia, ná ní lorgann siad é.
11 Colm baoth gan chiall is ea Eafráim;bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt,agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.