5 Diúltaím don lao sin leat, a Shamáir!Tá mo chuid feirge ar dearglasadh ina gcoinne -Cá fhad eile a bheidh an neamhchiontacht thar a n‑acmhainn?
6 Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis?Saor a rinne é; ní dia é.Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach.
7 Gaoth a síol, gála a bhfómhar!Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh,ná ní thabharfaidh sé plúr;agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.
8 Tá Iosrael féin slogtha siar!Siúd i measc na náisiún iad anoisamhail soitheach gan mhaith.
9 Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre.Maireann an onagair ina haonar léi féin,ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!
10 Ach fiú má fhostaíonn siad iad i measc na náisiún,cruinneoidh mise iad ar ball beag,agus is gairid go mbeidh siad ag lúbarnachfaoi ualach Rí na bhflatha.
11 Thóg Eafráim a lán altóirí sásaimh;ach is trúig pheaca dó na haltóirí sin anois.