1 Ná déan gairdeachas, a Iosrael,le teann lúcháire ar nós na náisiún!Óir chuaigh tú le striapachas ó do Dhia,agus ar gach urlár buailte arbhair is i dtuarastal striapachais a bhí do dhúil.
2 Ach ní chothóidh urlár buailte ná cantaoir iad feasta,agus rachaidh dá n‑úrfhíon.
3 Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna,mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipteagus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.
4 Go brách arís ní dhoirtfidh siad fíon le hurraim don Tiarna,ná ní ofrálfaidh siad íobairtí dó.Ní bheidh acu ach mar a bheadh arán dobróin,agus an uile dhuine a íosfaidh é beidh sé neamhghlan.(Óir ní bheidh ach a gcothú féin amháin ina gcuid aráin;blúire de ní ofrálfar i dteach an Tiarna.)
5 Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais,ar lá fhéile an Tiarna?
6 Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios;cruinneoidh an Éigipt iad,agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh.Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid,agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.