11 Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan,agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.
12 Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil,bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir.Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!
13 Mar a fheictear domsa é,Tuír eile is ea Eafráimatá curtha in áit ghlas fhéarmharach beidh uirthi a clann a ligean uaithi le marfóir.
14 Tabhair dóibh, a Thiarna, cibé rud is mian leat;tabhair dóibh broinnte a bhéarfaidh go hanabaí agus cíocha seasca.
15 Nochtar a n‑olcas uile i nGilgeál.Go deimhin, is ann a líon mé dá bhfuath.De dheasca a ndrochghníomhartha díbreoidh mé as mo theach iad,agus ní bheidh grá agam dóibh níos mó.Ceannaircigh is ea a bhflatha uile.
16 Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha;ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís.Fiú má éiríonn leo clann a bhreith,maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.
17 Caithfidh mo Dhia uaidh iad,toisc gur dhiúltaigh siad éisteacht leis,agus imeoidh siad ar fán i measc na náisiún.