5 Cad a dhéanfaidh sibh ar lá an tsollúntais,ar lá fhéile an Tiarna?
6 Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios;cruinneoidh an Éigipt iad,agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh.Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid,agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.
7 Tá laethanta an smachtaithe ag teacht,seo chugainn laethanta an chúitimh.Go raibh a fhios sin ag Iosrael!“Amadán is ea an fáidh”, a deir siad,“is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.”Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide,agus bhur bhfuatha dom é.
8 Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé- is é an fáidh é.Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile,agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.
9 Tá poll domhain tochailte acu dó,faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh.Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid,agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.
10 Mar chaora fíniúna san fhásach,is ea a tháinig mé ar Iosrael;mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir),is ea a leag mé súil ar bhur sinsear.Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór,choisric siad iad féin don Náire,agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iadná na nithe dár thug siad gean.
11 Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan,agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.