2 Pógadh sé mé de phóga a bhéilóir is fearr do ghrá ná fíon.
3 Is maith é cumhracht d'ola,ola dhoirte d'ainma d'fhág na cailíní i ngean leat.
4 Tarraing i do dhiaidh mé, rithimis.Tabhair isteach mé a rí, i do theach féin.Tú ár n‑áthas, tú ár n‑aoibhneas.Mórfaimid do ghrá thar fhíon.Is ciallmhar iad an mhuintir a thug grá duit.
5 Más dubh mé, is sciamhach,a mhná Iarúsaileim;mar bhotha céadair,mar bhéalscátha Sholaimh.
6 Ná féachaigí ar dhath mo chraicinn,is amhlaidh a dhóigh an ghrian mé.Mo dheartháireacha, a bhí anuas orm,d'fhág i bhfeighil na bhfíonghort mé,faoi deara faillí m'fhíonghoirt féin.
7 Inis dom, a ghrá mo chroí,Cá gcuireann tú do thréad ar féarach,Cá gcuireann chun luí ó bhrothall an lae iad;i dtreo nach gcaithfinn gabháil ag cuardachtrí thréada do chomharsana?
8 Murab eol duit, a bhean thar mhná,lean lorg na gcaorach;cuir do mheannáin ar féarachin aice bhoth na dtréadaithe.