8 Éist! mo ghrá!Chugainn éthar bharr na gcnocag léim na ngleannta.
9 Cosúil mo ghrá le heilitnó le fia óg ag léim.Sin é lasmuigh anois é,ag féachaint isteach an fhuinneog,Ag faire agus ag glinniúint.
10 Seo é mo ghrá ag labhairt liom:Éirigh chugam, a rún;a ghile, gluais liom.
11 Seo anois tá an geimhreadh thart,tá an bháisteach glanta feasta,
12 tá an tír seo againne faoi bhláth,tháinig aimsir scoite na bhfíniúna;tá an fearán ag durdáil amuigh,
13 figí glasa ar an gcrann,cumhracht bláth fíniúna ar an ngaoith.Éirigh chugam, a rún;a ghile, gluais liom.
14 Mo cholm i scailp na haille,i bhfolach i bpluaiseanna,dá bhfeicfinn do ghnúis,dá gcluinfinn do ghuth!óir is binn é do ghuth,is álainn í do ghnúis.