10 Nach aoibhinn do ghrá,a shiúr, a bhrídeach,nach blasta do ghrá ná fíon,nach cumhra iad do chumhrachtaíná spíosraí an domhain!
11 Béilín meala, a bhrídeach,mar an criathar ag sileadh;mil agus bainnefaoi do theanga go cinnte;boladh cumhra ar d'éadachmar chumhracht na Liobáine.
12 Gort i lios tú,a shiúr, a bhrídeach,gort i ráth,tobar i gcomhad.
13 Gránúlla go tiubh annagus togha gach toraidhó shruthanna an tobair.
14 Spiocnard agus cróch ann,giolcach chumhra agus cainéal,gach crann i bhfuil roisín,miorr agus fóifíneach,agus togha gach cumhrachta.
15 Tobar i ngortaníos as an talamh,nó sruth as an Liobáin.
16 Éirigh a ghaoth aduaidh,gluais, a ghaoth aneas,séidigí trí mo ghairdíngo leatha a chumhrachtaí.Tagadh mo ghrá isteach ina ghort,blaiseadh sé togha gach toraidh ann.