1 Seo isteach i mo ghort mé,a shiúr liom, a bhrídeach,ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim,ag ithe mo mheala agus mo chriathair,ag ól m'fhíona agus mo bhainne;ithigí, a chairde, ólaigí,déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
2 I mo chodladh dom, tá mo chroí ina dhuiseacht;cluinim mo ghrá ag an doras:“Oscail dom, a shiúr, a rún,mo cholúr gan éalang,óir is báite mo cheann i ndrúcht,is fliuch m'fholt ón oíche.”
3 Ach, táim tar éis baint díom;an gá dom cur orm arís?Tá mo chosa nite agam;an gcaithim a sailiú arís?”
4 Shín mo ghrá a lámh isteachi bpoll na heochrach;chorraigh mo chroí i mo chléibh.
5 D'éiríos féingo n‑osclóinn do mo ghrá.Bhain miorr fliuch le mo láimh,fíormhiorr le mo mhéar,ó bhacán an ghlais.
6 D'osclaíos do mo ghrá- bhí mo ghrá imithe;bhain sin an t‑anam asam.Loirg mé é agus ní bhfuair,ghlaoigh - níor fhreagair sé.
7 Theagmhaigh liom na gardaíar a gcuairteanna tríd an mbaile.Bhuail siad mé, agus ghoin,srac siad díom mo bhrat,lucht faire an bhaile.