11 A cheann mar ór leáite,a dhlaoithe mar an phailm,chomh dubh leis an bhfiach.
12 A shúile mar an colmar bhéal coire uisceá ní féin as bainnei [gCoire na Mara].
13 A ghiall mar spíosraí,ceapach luibheanna cumhra.A bheola mar bhláthanna,ag sileadh mirr chumhra.
14 Buinní óir ar a lámhago n‑iliomad flannchloch.A chabhail mar an t‑éabann bán,agus í breac le saifírí.
15 Galláin mharmair a chosaar fhothaí óir ag seasamh.Cosúil é leis an Liobáin,togha na gcrann céadrais.
16 Is é an binneas a fhriotal,is mealltacht é uile.Sin é mo ghrá, sin é mo shearc,a iníona Iarúsailéim.