8 Achainím oraibh,a iníona Iarúsailéim,má fhaigheann sibh mo ghrá -cad a inseoidh sibh dó uaimse?Go bhfuil galar an ghrá orm.
9 Cad iad buanna do ghrá-sa,a phlúr na mban.Cad iad buanna do ghrá-sago n‑iarrann tú an achainí sin orainn?
10 Dearg agus bán do mo ghrá;d'aithneófá i measc mílte é.
11 A cheann mar ór leáite,a dhlaoithe mar an phailm,chomh dubh leis an bhfiach.
12 A shúile mar an colmar bhéal coire uisceá ní féin as bainnei [gCoire na Mara].
13 A ghiall mar spíosraí,ceapach luibheanna cumhra.A bheola mar bhláthanna,ag sileadh mirr chumhra.
14 Buinní óir ar a lámhago n‑iliomad flannchloch.A chabhail mar an t‑éabann bán,agus í breac le saifírí.