1 Cá ndeachaigh do ghrá uait,a phlúr na mban,cén treo a d'iompaigh do ghrá,agus lorgfaimid leat é?
2 Síos ina ghort a chuaigh mo ghrá,go ceapacha na spíosraí,lena thréad a chur ar féarachagus blátha a chruinniú.
3 Le mo ghrása mise,agus liomsa mo ghrá;i measc na mbláthannachuir sé a thréad.
4 Álainn tú, a rún, mar Thirzeá,breá mar Iarúsailéim,chomh huafar le cathshlua.
5 Iompaigh uaim do shúile,nó sáróidh tú mé leo.Folt mar thréad gabharanuas Cnoc Ghileád.
6 D'fhiacla mar thréad caorachaníos as an loch nite,cúpla uan ag gach caora,gan caora díobh seasc.
7 Leathbhro ghránúill do ghrualaistiar de do chaille.