3 Le mo ghrása mise,agus liomsa mo ghrá;i measc na mbláthannachuir sé a thréad.
4 Álainn tú, a rún, mar Thirzeá,breá mar Iarúsailéim,chomh huafar le cathshlua.
5 Iompaigh uaim do shúile,nó sáróidh tú mé leo.Folt mar thréad gabharanuas Cnoc Ghileád.
6 D'fhiacla mar thréad caorachaníos as an loch nite,cúpla uan ag gach caora,gan caora díobh seasc.
7 Leathbhro ghránúill do ghrualaistiar de do chaille.
8 Trí fichid banríon,ceithre fichid leannán,cailíní gan áireamh -
9 Ach is túisce liomsa ise,mo cholm gan cháim;is í is túisce lena máthair,is í rogha a buime í.Ní fhaca cailín í nár thug an chraobh di,banríon nó leannán nár mhol í: