1 Fill, fill, a Shiúlamach,fill, fill, go bhfeicfimid thú.Cad d'fheicfeadh sibh sa tSiúlamachach rince an dá fhoireann?
2 Nach breá iad do chosa i mbróig,a iníon rí;lorgaí mar chlocha muincedea-dhéanta ó láimh an tsaoir!
3 D'imleacán mar chuach fíona,ní folamh é choíche.Brú mar charn cruithneachta,fál bláthanna air.
4 Do dhá chích mar dhá oisín,cúpla aon eilite.