3 D'imleacán mar chuach fíona,ní folamh é choíche.Brú mar charn cruithneachta,fál bláthanna air.
4 Do dhá chích mar dhá oisín,cúpla aon eilite.
5 Do mhuineál mar thúr eabhair,do shúile mar locháin Heisbeonfaoi gheata Bhat Rabaím.Do shrón mar thúr sa Liobáinag faire i dtreo na Damaisce.
6 Do cheann mar Chnoc Chairmeil,folt ar dhath an chorcra;cheangail tú rí lena thriopaill.
7 Is álainn tú, is aoibhinn,a shearc, a mhilse.
8 Ard maorga mar chrann pailme tú,do chíocha mar chrobhaing.
9 “Suas an phailm liom,” arsa mise;“béarfaidh mé greim ar a géaga.”Go raibh do chíocha mar chrobhaing fíniúna,boladh úll ar d'anáil.