4 Agraím oraibha mhná Iarúsailéimgan mo rún a chorraí ná a mhúscailtgo dtograí sí féin.
5 Cé hí seo aníos ón bhfásachar ghualainn a grá?Faoin gcrann úll a mhúscail mé thú;is ann a rug do mháthair thú,is ann a bhí do bhuime in íona.
6 Cuir mar shéala ar do bhrollach mé,mar fháinne ar do láimh.Óir ní láidre an bás ná an grá,ní doichte an tÉad na Tír an Bháis.Is tine dhóite é,sárlasair.
7 Díle uiscení mhúchfadh an grá,ná tuile abhannní scuabfadh chun siúil é.An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá,tarcaisne a gheobhadh sé.
8 Tá deirfiúr againn atá beag,í fós gan chíocha.Cad a dhéanfaimid lenár ndeirfiúran lá a mbeidh sí á hiarraidh?
9 Más balla ítógfaimid túr airgid ar a mullach.Más geata í,daingneoimid le clár céadrais í.
10 Is balla méagus mo chíocha mar thúir air,Ach leis an bhfear siúdtá mo shíocháin déanta.