17 Oír do bhí sé ar na chomháireamh ar measgne, agus fúair sé cuid don mhiniosdralachdso.
18 Uime sin do sholáthair an fearso fearann ré lúach éagcora; agus ar dtuitim dhó a ndiáigh a chinn, do bhris sé ann a lár, agus do sginneadar a inne uile amach.
19 Agus fúaradar aitreabhuigh Ierusalém uile a fhois so; a gcruth go ngoirthear don fhearannsin an a dteanguidhsion, Aceldáma, eadhon, Fearan na fola.
20 Oír atá sgríobhtha a leabhar na Salm, Go raibh a áit chomhnuidhe na fhasach, agus ná háitreabhadh duine ar bith innte. Agus glacadh neach eile a easbogoidheachd.
21 Ar a nadhbharsin is éigin áon don mhuinntirsi do bhí má ráon rinne ar feadh na haimsire uile ann a ndeachaidh an Tighearna Iósa a sdeach agus amach eadruinn,
22 (Ag tosughagh ó bhaisdeadh Eóin, go soithe an lá ann a rugadh súas uáinn é,) go mbíadh sé ar bhfochairne na fhíadhnuisi ar eiséirghesean.
23 Agus dórduigheadar diás, Ióseph dá ngoirthi Barsabas, dar comhainm Iustus, agus Mathhías.