1 Agus do reac fear áirighe dar bhainm Ananías, maille ré na mhnáoi Saphira, fearann do bhí ann a sheilbh,
2 Agus do chonnaimh aige go folaightheach cuid dá lúach, go bhfios da mhnáoi, agus ar dtabhairt choda éigin ris, do chuir sé ag cosadh na nabsdal é,
3 Ann sin a dubhairt Peadar, A Ananías, créd fár líon Sátan do chróidhe do dhéunamh bréige leis an Spiorad Náomh, agus do chungbháil coda éigin do lúach an fhearuinn go foluidhtheach?
4 A né nár leachd féin é dá gcongabhtha é, agus an é nach raibh sé ad chúmhachdaibh féin, íar na reic? créd far smúain tú a ní so ad chróidhe? ní lé dáoinibh do rinne tú brég, achd ré Día.
5 Agus ar gcloinsin na mbríatharsa Dananías, do thuit sé síos, agus do chúaidh a anam as: agus do bhí eagla mhór ar gach duine dhá ccúaluidh na neithe so.
6 Agus ar éirghe do na hóganaibh, rugadar air, agus ar ná iomchor dhóibh dadhlacadar é.
7 Agus tárla a dtimcheall thrí núair na dhiáigh sin, go dtáinig a bhean a steach, gan fios an neithe do rinneadh aice.
8 Agus a dubhairt Peadar ría, Innis damh an ar a noiread so do reacabhair an fearánn? agus a dubhairt sise, Seadh, air a noiread sin.
9 Ann sin a dubhairt Peadar ría, Créud fár chomháontuigh sibh cathughadh do chur ar Spioruid an Tighearna? féuch, atáid cosa na muinntire dadhluic thfear ag an doras, agus béuruid síad thúsa ríu.
10 Agus ar a núairsin féin do thuit sise agá chosaibh, agus do chúaigh a spiorad aisde: agus ar dteachd a steach do na hogánuibh, fúaradar marbh í, agus ar na breith leó, dadhluiceadar í a naice a fir.
11 Agus do bhí eagla mhór air a neagluis uile, agus ar na huile dháoinibh do chúaladh na neithe so.
12 Agus do nithí mórán do chomharthadhaibh agus do mhíorbhailibh, tré lámhuibh na nabsdal a measg an phobail; agus do bhídis uile déantoil a bpóirse Sholaimh.
13 Achd don druing eile níor lamh éainneach aca greamughadh léo: gidheadh do bhí meas mór ag an phobal orrtha.
14 Achd is móide do mhéidaigh an úimhir fhear agus bhan, do chreid don Tighearna.
15 Ionnus go niomhchraidís amach fá na sráidibh na daoine éugcruáidhe, agus go gcuirdís ar peapachuibh íad, ionnus ag teachd do Pheadar go gcuirfeadh a sgáile amháin sgáile ar neach éigin díobh.
16 Agus do thígdís morán a gceann a chéile as na caithreachaibh timcheall go Hiárusalem, ag tabhairt dháoine éagcrúaidhe, agus búaidheartha ó spioradaibh neamhghlana ríu; noch do slánuighthi uile.
17 Achd ar néirghe súas don nárdshagart, agus gach a raibh na fhochair, (mar atá airiceachd na Saducíneach,) do líonadh do thnúdh íad.
18 Agus do chuíreadar a lámha sna habsdalaibh, agus do chuireadar sa bpríosún choitcheann íad.
19 Achd dfosgail aingeal an Tighearna sa noídhche dóirse an phriosúin, agus ar na dtreórughadh amach, a dubhairt sé,
20 Imthighidh rómhaibh, agus ar seasamh sa teampall dáoibh labhruidh ris an bpobal na huile bhríathra na beathasa.
21 Agus ar na chloinsin só dhóibhsean, do chúadar a steach don teampall go móch ar maidin, agus do theaguisgeadar. Achd ar dteachd don árdshagart, agus don druing do bhí na fhochair, do ghoireadar cómhairle, agus sinnsir chloinne Israél uile a gceann a chéile, agus do chuíreadar teachda ar a gceannsan chum an phríosúin.
22 Agus ar dteachd do na máoruibh, ní fhúaradar iadsan sa bpríosún, agus ar bhfilleadh dhóibh, dinniseadar sin,
23 Ag radh, Fúaramar go deimhin an príosún dúnta go dúthrachdach, agus an luchd coimhéuda na seasamh a muigh as comhair na ndoírrseadh: achd ar nosgladh dhúinn, ní fhúaramar áonduine a stigh.
24 Agus ar gclós na mbríatharsa do nárdshagart agus dúachdarán an teampuill agus dúachdaránaibh na sagart, do bhí conntabhairt aca na dtimpcheallsan créud do thiocfadh as so.
25 Achd ar dteachd do neach áirighe dinnis sé dhoibh, ag rádh, Féuch, na fir do chuireabhair a bpríosún atáid síad na seasamh sa teampall, agus ag teagusg an phobail.
26 Ann sin ar nimtheachd don chaiptín maille ris na máoruibh, tug sé leis íad gan choimhéigneadh: oír do bhí eagla an phobail ortha, go ngéubhaidís do chlochaibh orrtha.
27 Ar a nadhbharsin tar éis íad dhá dtabhairt leó, do chuireadar a bhfiadhnuise na cómhairle íad, agus dfiafruigh an tárdsagart díobh,
28 Ag rádh, A né nar áithneamairne go ródhithcheallach dhíbh gan teagusg do dhéunamh sa nainmse? Agus, féuch, do líonabjair Ierusalem le bhur dteasusg, agus as mían libh fuil an duinese do thairruing oruinne.
29 Agus ar bhfreagra do Pheadar agus do na habsdaluibh a dubhradar, Is mó is éigin úmhlughadh do Dhía, ná do dháoinibh.
30 Do thóg Día ar naithreachne Iósa súas, noch do mharbhabhairse ar na chrochadh a gcrann.
31 Do thóg Día re na láimh dheis féin é só súas na Phríonnsa agus na Shlánaightheoir, do thabhairt aithrighe, agus maithmheachais na bpeacadh Disraél.
32 Agus atámáoidne ar bhríadhnuisibh dhó ar na neíthibhse a deirmíd; agus maran gcéudna an Spiorad Náomh, nóch thug Día dón druing úmhlaigheas dó.
33 Agus ar gclós na neítheadhsa dhóibhseab, do bhádar air a ngearradh, agus do rinneadar cómhairle íadsan do mharbhadh.
34 Achd ar néirghe súas Dfairisíneach áirighe, sa gcómhairle, dár bhainm Gamáliel, doctúr dlíghe, do bhí fá chion ag an bpobal uile, daithin sé na habsdail chur amach ar feadh tamuill;
35 Agus a dubhairt sé ríu, A fhiora Israél, tabhraidh bhur naire ribh féin créd do dhéuntáoi a dtáobh na muinntirese.
36 Oír roimhe a naimsirse déirghe Teúdas súas, ag rádh, Go madh neach éigin mór é féin; lércheangail úibhir dháoine, a dtimcheall cheithre gcéud: noch do marbhadh: agus an mhéid dáontuigh dhó, do spréaghadh, agus do chuireadh a neimbrígh íad.
37 Tar éis an fhirse déirghe Iúdás an Galileánach súas a laéthibh an dáoirchíosa, agus do tharruing sé mórán dón phóbal chuige féin: agus do sgriosgadh an fearsa fós; agus do spréaghadh uile, an mhéid tug a náonta dhó.
38 Agus a deirim ribh a nois, Seachnuidh sibh féin ar an muinntirse, agus léigidh dhóibh: oír más ó dháoinibh thig an chómhairle nó a nóbairse, cuirfighthear a neimbrígh é.
39 Achd mas ó Dhía thig sé, ní héidir libh a chur a neimbrígh; air eagla go bhfuighthí ag troid a naghaidh Dé sibh.
40 Agus do áontuigheadar dho: agus ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar ngabháil ortha, tugadar fogra dhóibh gan labhairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úatha íad.
41 Ar a nadhbharsin do imthigheadar san go lúathgháireach as amharc na cómhairle, do bhrígh gur measadh gur bhfíu íad easonóir dfulang ar son anma Iósa.
42 Agus gach lá sa teampall, agus ó thigh go tigh, níor sguireadar do bheith ag teagasg agus ag seanmórughadh Iósa Chríosd.