Gníomhartha 9 BEDELL

Caibidil IX

Iompódh Sháuil chum creideamh, 36 agus Tabitha ar na tógbhail ó bhás.

1 Agus ar mbeith do Shaul, fós ag séideadh bagair agus marbhtha a naghiadh dheisciobal an Tighearna, do chúaidh sé chum a nárdshagairt.

2 Agus díarr sé leitreacha air go Damascus chum na sínagóg, ionnus dá bhfaghadh sé éinneach, dfior nó mhnáoi don tslighese, go dtíubhradh sé ris íad go Hiarusalém ceangailte.

3 Agus ag imtheachd do, tháinic sé a bhfogus do Dhamascus: agus go hobann do dheallruidh soillse neimhe mar theinnteach na thimcheall:

4 Agus ar dtuitim dhó chum na talmhan, do chúalaidh sé gúth ag rádh ris, A Shaúil, a Shaúil, créud fá a bhfuil tú ag gérleanmhuin orum?

5 Agus a dubhairt seision, Cía thu féin, a Thighearna? Agus a dubhairt an Tighearna, As mé Iósa ar a bhfuil tusa ag gérleanmhuin: is crúaidh dhuit bheith ag gabháil dod shálaibh a naghaidh na ndeilg.

6 Agus ar mbeith do Shául ar crith agus lán dúathbhas a dubhairt sé, A Thighearna, créud is áil leachd do dhéunamh dhamh? Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh a sdeach don chathruigh, agus foillséochar dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.

7 Mar an gcédna an dream do shiúbhail má ráon ré Sául do sheasadar go búaidheartha, ag éisdeachd ris an ngúth, achd gan amharc ar éinneach aca.

8 Agus do éiridh Sául don talamh; ar nosgladh a shúl dó, ní fhacaidh sé éinneach: agus ag breith dhóibhsion ar láimh air, do thréoraigheadar go Damáscus é.

9 Agus do bhí sé trí láethe gan amharc ar bith aige, agus níor íth agus níor ibh éinni.

10 Agus do bhí deisciobal áirighe a Ndamáscus, dar bhainm Ananías; ré a ndubhairt an Tighearna a dtáibhse, A Ananiáis. Agus a dubhairt seision, Féuch, atáim ann so, a Thighearna.

11 Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh don tsráid ré ráidhtear Díreach, agus íarr a dtigh Iúdais, an té dar ab ainm Sául ó Tharsus: oír, féuch, atá sé ag dhéunamh urnuighe.

12 ( Agus do chonnairc sé a dtaibhse fear dar bhainm Ananias ag teachd a steach, agus ag cur a láimhe air, ionnus go nglacfadh sé a radhairc.)

13 Achd do fhreagair Ananías, A Thighearna, do chúalaidh me ó mhórán ar an bhfear so, a mhéud dolcaibh do rinne sé dod náomhaibhse a Níarusalém:

14 Agus atá cúmhachda aige ann so ó na hárdsagartaibh na huile dháoine cheangal ghuidheas hainmse.

15 Achd a dubhairt an Tighearna ris, Imthigh romhad: oír atá sé na shoightheach tóghtha agamsa, chum manma diomchar a bhfiadhnuise na Gcineadhach, agus na ríghtheadh, agus chloinne Israél:

16 Oír foillséochaidh misi dhó créud é méud na neitheann is éigin dó fhulang ar son manmasa.

17 Dimthigh Ananías ann sinm agus do chúaidh sé a steach don tighsin; agus ar gcur a lámh airsion a dubhairt sé, A Shaúil a dhearbhráthair, an Tighearna, Iósa, do táibhreadh dhuit sa tslighe iona dtáinic tú, do chuir sé misi, chum aisig do radhairc dfagháil duit, agus do bheith líonta don Spiorad Náomh.

18 Agus ar an mball do thuiteadar ó na shúilibh mar do bheith sgamail: agus fúair sé a radhaírc gan fhuireach, agus ar néirghe dho, ghabh sé baisdeadh.

19 Agus do chaith bíadh, agus do neartuigheadh é.Agus do bhí Saul láethe áirighe a bhfochair na ndeisciobal do bhí a Ndamáscus.

20 Agus ar an mball do sheanmóir sé Críosd ann sna sinagógaibh, gur bhé so Mac Dé.

21 Agus do ghabh úathbhás na huile dháoine do chúalaidh é, agus a dubhradar, A né nach é so an té úd do sgrios a Niarusalem an dream do ghuidh an tainmse, agus is chuige tháinic sé ann so, da mbreith ris ceangailte chum na nárdsagart?

22 Achd is móide do neartuigheadh Sául, agus do chláoi sé na Iúdaighe do áitrigh a Ndamascus, ag deimhniughadh gur bé so Críosd.

23 Agus ar ndul moráin do láethibh thárrsa, do rinneadar na Iúdaighe do chomhairle a bhfochair a chéile eision do mharbhadh:

24 Achd do aithin Saul a ccealg. Gidheadh do bhí coimhéud acasab ar ba geataidhibh do ló agus doidhche, chum eision do mharbhadh.

25 Uime sin ar na ghabháil chuca do na deisciobluibh sa noidhche, do chuireadar amach tré san mballa é dá léigean síos a gclíabh.

26 Agus ar dteachd do Shául go Hiarusalém, do chuir sé roimhe ceangal ris na deisciobluibh: achd do bhí faitcheas ortha uile roimhe, agus níor chreideadar dhó gur dheisciobal é.

27 Achd ar na ghabháil chuige do Bharnabás, rug sé gus na habsdalaibh é, agus dfoillsigh sé dhóibh cionnus do chonnairc sé an Tighearna sa tslighe, agus gur labhaír sé ris, agus cionnas do labhair sé go dána a Ndamascus a nainm Iósa.

28 Agus do bhí sé na gcaidreadh súd ag teachd a steach agus ag dul amach a Niarusalém.

29 Agus do labhair sé go dána a nainm an Tighearna Iósa, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd a naghiadh na Ngréugach: agus do ghabhadarsan do láimh eision do mharbhadh.

30 Achd ar bhfagháil fheasa do ná dearbhraithreachaibh, do thréoraigheadar é go Seasaréa, agus do chuireadar as sin go Tarsus é.

31 Uime sin fúair an eagluis ar feadh thire Iúdaighe agus na Galilé agus na Samária síothchain; ar mbeith dhóibh ar na dtogbháil súas sa gcreideamh: agus ag siúbhal a neaglá Dé, agus do bhádar ar na líonadh do chomhfhurtachd an Spiorad Náoimh.

32 Agus tárla, ag gabháil dp Pheadar tríothadh uile, go dtáinic sé chum na náomh do áitrigh a Liddá.

33 Agus fuáir sé ann sin duine áirighe dhar bhainm Enéas, do bhí a bpairilis, agus nar éirigh as a leabaidh feadh ochd mblíadhan.

34 Agus a dubhairt Peadar rís, A Enéas, do ní Iosa Críosd slán thú: eirigh, agus tóg do leabaidh. Agus ris sin féin déirigh seision.

35 Agus do chunncadar an mhéid do áitrigh a Liddá agus a Sáron é, noch do fhill chum an Tighearna.

36 Agus do bhí baindeisciobal áirighe a Níoppá dar bainm Tabita, (ré a ráitear ar na eidirmhíniughadh Dorcás:) do bhí an bheansa lán do dheaghoibribh agus do dheirce do níodh si.

37 Agus a tárla an sna láethibh sin, go raibh sí tinn, agus go bhfúair sí bás: agus ar na hionnladh dhóibh, do chuireadar a séomra úachdarach í.

38 Agus ar mbeith do Liddá a bhfogus do Ioppa, ar bhfagháil sgéul do na deisciobluibh go raibh Peadar ann sin, do chuireadar dís fear chuige, dá íarraidh air, gan muill do dhéanamh ré teachd chuca.

39 Ann sin ar néirghe do Pheadar tháinic sé ríu. Agus ar dteachd dhó, rugadar súas don tséomra úachdarach é: agus do sheasadar na baintreabhach uile na aice ag cáoi, agus ag taisbéanadh na gcótadh agus na gcúlaidheach do rinne Dorcás, an feadh do bhí sí na bhfochair.

40 Agus ar gcur amach gach a ráibh a sdigh, ar na ligean féin ar a ghlúinibh do Pheadar, do rinne sé urnaighe; agus ar bhfilleadh chum an chuirp a dubhairt sé, Eírigh, a Thabita. Agus dosgail sisi a súile, agus ar bhfaicsin Pheadair dhi, déirigh sí na suídhe.

41 Tug se a lámh dhí an tan sin, agus do thóg sé na seasamh í, agus ar ngairm na náomh agus na mbaintreabhach dhó, daisigh sé ise béo.

42 Agus do foillsigheadh so feadh Ioppá uile; agus do chreideadar mórán sa Tighearna.

43 Agus tárla, gur chómhnuigh Peadar mórán do laethibh a Níoppá a bhfochair Shíomóin áirighe fear leasaighe leathair.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28