1 Agus do bhí duine áirighe a Séasárea, dar bhainm Cornélius, caiptín an bhanna dhá ngóirthear an banna Eadáilleach,
2 Duine ríaghalta, ar a raibh eagla Dé, maille ré na thigh uile, noch do bheireadh iomad déirce donphobal, agus do bhíodh ag guidhe Dé do ghnáth.
3 Do chonnairc sé go soilléir a dtáibhse a dtimcheall a náomhadh húair don ló aingeal Dé ag teachd a steach chuige, agus ag rádh ris, A Chornéliuis.
4 Agus ag féuchain dósan air go gér, agus ag gabháil eagla, a dubhairt sé, Créd é sin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision ris, Do chuáidh húrnaighthe agus do dhéirce súas a gcoimhne a bhfiadhnuise Dé.
5 Agus a nois cuir dáoine go Ioppá, agus cuir fios ar Shíomón, dar ab comhainm Peadar: