2 Duine ríaghalta, ar a raibh eagla Dé, maille ré na thigh uile, noch do bheireadh iomad déirce donphobal, agus do bhíodh ag guidhe Dé do ghnáth.
3 Do chonnairc sé go soilléir a dtáibhse a dtimcheall a náomhadh húair don ló aingeal Dé ag teachd a steach chuige, agus ag rádh ris, A Chornéliuis.
4 Agus ag féuchain dósan air go gér, agus ag gabháil eagla, a dubhairt sé, Créd é sin, a Thighearna? Agus a dubhairt seision ris, Do chuáidh húrnaighthe agus do dhéirce súas a gcoimhne a bhfiadhnuise Dé.
5 Agus a nois cuir dáoine go Ioppá, agus cuir fios ar Shíomón, dar ab comhainm Peadar:
6 Atá sé ar áoidheachd a bhfochair Shíomón áirighe fear leasaighe leathair, agá bhfuil a thigh láimh ris an bhfairge: foillséochaidh sé dhuit créud is cóir dhuit a dhéunamh.
7 Agus ar nimtheachd don aingeal do leabhair le Cornéliuis, do ghoir sé chuige dís dá mhuinntir, agus saighdiúír díagha don druing do bhí na fhochair;
8 Agus ar bhfoillsinghádh a niomláin dóibh, do chuir sé íad go Híoppá.