10 Agus do rinneadh so fo thrí: agus a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.
11 Agus, féuch, tangadar tríur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cuireadh ó Shéasáréa chugam.
12 Agus a dubhairt an Spiorad ríom dul ríu, gan amharus ar bíth do bheith oram. Agus tangadar na sé dearbhráithreachasa maráon riom, agus do chúamar a steach go tigh a nfir sin:
13 Agus do fhoillsigh sé dhúinn cionnus do chunnairc sé aingeal ann a thigh, na sheasamh agus ag rádh ris, Cuir fir go Ioppa, agus cuir fios ar Shiomón, dar ab comhainm Peadar;
14 Noch láibhéorus bríathra riot, ré a slaineóchar thú féin agus do thigh uile.
15 Agus an tan do thionnsgain mé labhairt, do thuirrling an Spiorad Náomh órtha súd, amhail mar do thuirrling sé óirine ar tús.
16 Do chúimhnigh misi an tan sin ar bhréithir an Tighearna, mar a dubhairt sé, Do bhaisd Eóin lé huisge; achd baisdfighthear sibhsi ris an Spiorad Náomh.