15 Agus an tan do thionnsgain mé labhairt, do thuirrling an Spiorad Náomh órtha súd, amhail mar do thuirrling sé óirine ar tús.
16 Do chúimhnigh misi an tan sin ar bhréithir an Tighearna, mar a dubhairt sé, Do bhaisd Eóin lé huisge; achd baisdfighthear sibhsi ris an Spiorad Náomh.
17 Uime sin má thug Día dhóibhsion an tiodhlacadh céudna thug sé dhúinne, an tan do chreideamar sa Ttighearna Iósa Críosd; cía hé misi, do fhéudfadh toirmeasg do chur ar Dhía?
18 Agus ar gclós na neitheannsa dhóibhsion, do thochdadar, agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Uime sin thug Día aithrighe do na Cineadhachaibh fós chum beatha.
19 Tuilleadh eile an dream do bhí ar na sgaradh trés an mbuáidhirt do éiridh ar son Steapháin do shiubhladar go Phenícia, agus go Cíprus, agus go Hantíochía, gan an bhriathar do labhairt ré héinneach achd ris na Iúdaighibh amháin.
20 Agus do bhádar cuid dhíobh ó Chíprus agus ó Chiréne, noch ar ndul a steach dhóibh go Hantíochoa, do labhair ris na Gréugachaibh, agus do shéanmóir an Tighearna Iósa.
21 Agus do bhí lámh an Tighearna maill ríu: agus do chreid úibhir mhór, agus dfilleadar chum an Tighearna.