20 Agus do bhádar cuid dhíobh ó Chíprus agus ó Chiréne, noch ar ndul a steach dhóibh go Hantíochoa, do labhair ris na Gréugachaibh, agus do shéanmóir an Tighearna Iósa.
21 Agus do bhí lámh an Tighearna maill ríu: agus do chreid úibhir mhór, agus dfilleadar chum an Tighearna.
22 Agus táinic na sgéulasa go clúasaibh na heagluise do bhí a Niarusalém: agus do chuireadar Barnabas uatha, go Hantíochia.
23 Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus é, agus do theaguisg sé íad uile, fá anmhuin a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.
24 Oír do bhí sé na dhuine mhaith, agus lán don Spiorad Náomh agus do chreideamh: agus do chuireadh ris an Dtighearna buidhean mhór.
25 Do imthigh Barnabas an tan sin go Tarsus, díarraidh Sháuil:
26 Agus ar na fhaghail do, rug sé ris é go Hantíochia. Agus tárlá, go rabhadar ag gnáthughadh a cheil feadh blíadhna sa neagluís, agus gur teaguisgeadh léo iomad do dhaoinibh, ionnus gur ab a Nantíochia do goireadh ar tus Críosduighthe do na deiscioblaibh.