25 Do imthigh Barnabas an tan sin go Tarsus, díarraidh Sháuil:
26 Agus ar na fhaghail do, rug sé ris é go Hantíochia. Agus tárlá, go rabhadar ag gnáthughadh a cheil feadh blíadhna sa neagluís, agus gur teaguisgeadh léo iomad do dhaoinibh, ionnus gur ab a Nantíochia do goireadh ar tus Críosduighthe do na deiscioblaibh.
27 Agus ann sna láethibh sin tangadar fáidhe ó Iérusalém go Hantíochia.
28 Agus ar néirghe súas do neach aca dar bhainm Agabus, dfoillsigh sé trés an spiorad go mbíadh gorta mhór feadh na talmhan uile: noch thárla mar an gcéudna a láethibh Chláudius Séasar.
29 Ann sin do chuir gach áon do na deiscioblaibh roime, congnamh do chur do réir a acfuinne, chum na ndearbhráithreach dáitrigh a ttír Iúdaighe:
30 Agus do rinneadar sin, agus do chuireadar é chun na sinsear tré láimh Bharnabais, agus Sháuil.