9 Agus do fhreagair an gúth mé an dara huáir ó neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad:
10 Agus do rinneadh so fo thrí: agus a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.
11 Agus, féuch, tangadar tríur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cuireadh ó Shéasáréa chugam.
12 Agus a dubhairt an Spiorad ríom dul ríu, gan amharus ar bíth do bheith oram. Agus tangadar na sé dearbhráithreachasa maráon riom, agus do chúamar a steach go tigh a nfir sin:
13 Agus do fhoillsigh sé dhúinn cionnus do chunnairc sé aingeal ann a thigh, na sheasamh agus ag rádh ris, Cuir fir go Ioppa, agus cuir fios ar Shiomón, dar ab comhainm Peadar;
14 Noch láibhéorus bríathra riot, ré a slaineóchar thú féin agus do thigh uile.
15 Agus an tan do thionnsgain mé labhairt, do thuirrling an Spiorad Náomh órtha súd, amhail mar do thuirrling sé óirine ar tús.