20 Do bhí Ioruáidh an tan sin ro dhíomghach do luchd Thíruis agus Shídoin: achd tangadarsan dáontoil chuige, agus, ar dtabhairt Bhlastuis eadhon séomradóir an rí ar a dtoil, díarradar síocháin; do bhrígh go raibh a ttír dhá cothughadh tré thír an rí.
21 Agus an lá orduighe airighe ar mbeith Dioruáidh, ar na éudughadh a néudach ríogha, agus na shuídhe sa gcathaóir bhreitheamhnais, do rinne sé óraid dhóibh.
22 Agus do gháireadar an pobal, Gúth Dé so, agus ní gúth duine.
23 Agus a nuáirsin féin do bhuáil aingeal an Tighearna é, do bhrígh nach ttug sé glóir do Dhía: agus ar na ithe do phíasdaibh, do chuáidh a spiorad as.
24 Agus do fhás bríathar Dé agus do méudaigheadh í.
25 Agus do fhill Barnabas agus Saul ó Ierusalem, ar gcoimhlíonadh a miniosdralachda, ar mbeith fós Eóin ríu, dar comhainm Marcus.