5 Uime sin do coimhéudadh Peadar a bpriosún: agus do rinne a neagluis úrnaighe go dúthrachdach chum Dé ar a shon.
6 Agus ar mbeith Dioruáidh ar tí a thabhairt amach, sa noidhche sin féin do chodail Peadar eidir dhís saighdíuir, ar na cheangal ré dhá shlábhradh: agus do bhádar an luchd coimhéuda ag coimhéud an phriosúin ag an dorus.
7 Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna a lathair, agus do dhealruidh solus sa tígh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a tháobh, do thog sé súas é, ag rádh, Eirídh go lúath. Agus do thuiteadar na slabhraidhe dhá lámhaibh.
8 Agus a dubhairt an taingeal ris, Cuir do chrios thort, agus ceangail ort do bhróga. Agus do rinne sé mar sin. Agus a dubhairt sé ris, Cuir do bhrat iomad, agus lean misi.
9 Agus ar nimtheachd amach do Pheadar, do lean sé é, agus ní raibh a fhios aige gur bhfíor a ní do rinneadh trés a naingeal; achd do shaóil sé gur taidhbhse do chunnairc sé.
10 Agus a nimtheachd dóibh tré san gcéud fhaire agus tré san dara faire, tangadar chum an ghéata íarainn, thréoraighais chum na caithreach; noch do osgail dhóibh úadh féin: agus ar ndul amach dhóibh, do shiubhladar thríd áon sráid amháin; agus ar an mball do imthigh an taingeal úadh.
11 Agus ar dteachd do Pheadar chuige féin, a dubhairt sé, A nois atá a fhios agum go dearbhtha, gur chuir an Tighearna a aingeal úadh, agus gur sháor sé mé ó laimh Iorúaidh, agus ó uile choimhéud an phobail Iúdaighe.