1 Agus do bhadar a neagluis na Hantíochia faidhe áirighe agus luchd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirthí Niger, ugus Lúcius ó Chiréne, agus Manahen, comhalta Ioruáidh an tetrarcha, agus Saul.
2 Agus ar mbeith dhóibh ag minisdrálachd don Tighearna, agus deanamh trosga, a dubhairt an Spiorad Náomh, Cuiridh air leith dhamh Barnabas agus Sául fa chomhair na hoibre chum ar ghoir mé íad.
3 An sin ar ndéunamh troisge agus úrnaighe dhóibh, agus ar gcur lámh ortha, do léigeadar úatha íad.
4 Uime sin ar mbeith dhóibhsion ar na gcur amach ón Spiorad Náomh, do chúadar síos go Seléucia; agus as sin do shéoladar go Cíprus.
5 Agus at dteachd dhóibh go Salamis, do sheanmóraigheadar bríathar Dé a sinagógaibh na Níudaighe: agus do bhí Eóin aca fós mar óglach.
6 Agus ar ndul dóibh thríd a noiléun go Páphus, fúaradar draói áirighe, faidh fallsa, Iúdaighe, dár bhainm Baríesus: