2 Agus ar mbeith dhóibh ag minisdrálachd don Tighearna, agus deanamh trosga, a dubhairt an Spiorad Náomh, Cuiridh air leith dhamh Barnabas agus Sául fa chomhair na hoibre chum ar ghoir mé íad.
3 An sin ar ndéunamh troisge agus úrnaighe dhóibh, agus ar gcur lámh ortha, do léigeadar úatha íad.
4 Uime sin ar mbeith dhóibhsion ar na gcur amach ón Spiorad Náomh, do chúadar síos go Seléucia; agus as sin do shéoladar go Cíprus.
5 Agus at dteachd dhóibh go Salamis, do sheanmóraigheadar bríathar Dé a sinagógaibh na Níudaighe: agus do bhí Eóin aca fós mar óglach.
6 Agus ar ndul dóibh thríd a noiléun go Páphus, fúaradar draói áirighe, faidh fallsa, Iúdaighe, dár bhainm Baríesus:
7 Noch do bhí a bhfochair a núáchdaráin, Sergius Paulus, duine tuigsionach; Ar ngairm Bharnabais agus Sháuil dhó so chuige, díarr sé briathar Dé déisdeachd.
8 Achd do chuír Elimas an dráoi, (óir as mar so eidirmhínighthear a ainm,) na naghaidh, ag iarraidh a núachdaráin diompógh on gcreideamh.