5 Agus at dteachd dhóibh go Salamis, do sheanmóraigheadar bríathar Dé a sinagógaibh na Níudaighe: agus do bhí Eóin aca fós mar óglach.
6 Agus ar ndul dóibh thríd a noiléun go Páphus, fúaradar draói áirighe, faidh fallsa, Iúdaighe, dár bhainm Baríesus:
7 Noch do bhí a bhfochair a núáchdaráin, Sergius Paulus, duine tuigsionach; Ar ngairm Bharnabais agus Sháuil dhó so chuige, díarr sé briathar Dé déisdeachd.
8 Achd do chuír Elimas an dráoi, (óir as mar so eidirmhínighthear a ainm,) na naghaidh, ag iarraidh a núachdaráin diompógh on gcreideamh.
9 Achd ar mbeith do Shául, (da ngoirthear fós Pól,) lán don Spiorad Náomh, ag féuchain air go gér.
10 A dubhairt sé. Afhir lán do mheabhail agus dolc, a mhic an díabhail, agus a namhuid na huile fhiréntachda, an é nach sguirfe tú do shlighthibh diorgha an Tighearna do chur bunoscionn?
11 Agus anois, féuch, lámh an Tighearna ad aghaidh, agus biaidh tú dall, gan amharc na gréine agad feadh sealad. Agus ris sin féin do thuit céo agus dorchadus air; agus do shir sé fa gcuáirt dream éigin do threoróchadh ar láimh é.