10 A dubhairt sé do ghúth mór, Seas súas go díreach ar do chosaibh. Agus do léím seision súas, agus do shiúbhail sé.
11 Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.
12 Agus do ghoireadar Iupiter, do Bharnabas; agus Mercúrius, do Phól, do bhrígh gur bhfearr labhartha é.
13 Agus ar mbeith do shagurt Iupiter, as comhair a gcaithreach súd, ar dtabhairt tharbh agus atán ris chim na ngeatadh, bá mian leis íodhbairt do dhéunamh má ráon ris an bpóbal.
14 Achd ar na chlos so do na habsdalaibh, Barnabas agus Pól, ag réubadh a gcúlaidheach dhóibh, do ritheadar a sdeach a measg an phoóbail, ag éighme,
15 Agus ag rádh, A dháoine, créud fá a ndéantáoi na neithese? Oir is dáoine sinnse féin, cosmhail a bhfulangthaibh ribhse, ag soisgéulughadh dhíbh fileadh ó na neithibh diomháoineachsa chum Dé bhí, noch rínne neamh, agus talamh, agus a nfáirge, agus na huile neithe atá ionnta:
16 Noch do fhulaing sna haimsiribh do chuáidh thorainn, do na huile chineadhachaibh siubhal ann a slighthibh féin.