13 Agus ar mbeith do shagurt Iupiter, as comhair a gcaithreach súd, ar dtabhairt tharbh agus atán ris chim na ngeatadh, bá mian leis íodhbairt do dhéunamh má ráon ris an bpóbal.
14 Achd ar na chlos so do na habsdalaibh, Barnabas agus Pól, ag réubadh a gcúlaidheach dhóibh, do ritheadar a sdeach a measg an phoóbail, ag éighme,
15 Agus ag rádh, A dháoine, créud fá a ndéantáoi na neithese? Oir is dáoine sinnse féin, cosmhail a bhfulangthaibh ribhse, ag soisgéulughadh dhíbh fileadh ó na neithibh diomháoineachsa chum Dé bhí, noch rínne neamh, agus talamh, agus a nfáirge, agus na huile neithe atá ionnta:
16 Noch do fhulaing sna haimsiribh do chuáidh thorainn, do na huile chineadhachaibh siubhal ann a slighthibh féin.
17 Bíodh nar fhág sé é féin gan fhíadhnuise, ag déunamh maitheasa, ag tabhairt feathanna dhuinn ó neamh, agus seusúir thórthaigh, ag líonadh ar gcroidheadh do bhíadh agus do gháirdeachus.
18 Agus ar rádh na néitheannsa dhóibh, is ré béigean do chongbhadar an pobal, ó íodhbairt do dhéunamh dhóibh.
19 Gidheadh tangadar Iúdaighe chuca ó Antíochia agus ó Icóníum, noch do chomhairligh an pobal, agus ar ngabháil do chlochaibh ar Phól, do tharruing amach as an gcathruigh é, ar na sháoilsin dóibh go raibh sé marbh.