1 Agus ar dteachd do dhruing áirighe a núas ó thír Iudaighe do theaguisgeadar na bráithre, ag radh, Muna dtimcheallghearrthar sibh do réir reachda Mháoisi, ní héidir bhur slánughadh.
2 Uime sin tair éis Pól agus Barnabas conspóid agus diosbóireachd nar bheag do dhéanamh na naghaidh, dorduigheadar Pól agus Barnabas, agus cuid eile dhíobhsab, do dhul súas go Híarusalem chum na nabsdal agus na sinnsear a dtimcheall na ceasda so.
3 Agus ar na séoladh do neagluis, do ghabhadar tré Pheníce agus Shamária, ag innisin fhillte na Gcineadhach: agus do chuireadar lúthgháir mhór ar ná bráithribh uile.
4 Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóibh, do ghabhadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir chuca íad, agus dinniseadarsan méud na nitheann do rinne Día thríothadh.