18 Atá fios a oinreacha féin uile ó thosach an tsáogháil ag Día.
19 Uime sin measuimsi, nach cóir míshuáimhneas do chur air a ndreim do na Cineadhachuibh, dfill chum Dé:
20 Achd as insgríobhtha chuca, iad féin do sheachna ar thruáillighthibh na niodhal, agus ar stríopthachus, agus ó ní tachduighthe, agus ó fhuil.
21 Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireachuibh a nall dáoine do nía sheanmórughadh a ngach áon chathruigh, ann sna sinagóguibh ann a léughthar gacha sábbóid é.
22 Ann sin do chonncas do na habsdalaibh agus do na sinnsearaibh, maille ris a neagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur go Hantíochia lé Pól agus lé Barnabas; eadhon, Iúdas dar comhainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrdheirc eidir na bráithreachuibh:
23 Ag sgríobhadh leithreacha ríu mar so; Beatha agus sláinte ó na heasbuluibh agus ó na seinnsearuibh agus ó na bráithribh chum na mbráthar do na Cineadhachuibh átá a Naintíochia agus a Síria agus a Cilícia:
24 Dó bhrígh go gcúalamar, go ndeachadar dáoine áirighe úáinne noch do bhuaidhir sibhse lé briathruibh, agus do chláochluidh bhur ninntinne, dá rádh ribh, Bheith ar bhur dtimcheallghearradh, agus an reachd do choimhéud: dá nach dtugamar a leitheid sin dáithne: