24 Dó bhrígh go gcúalamar, go ndeachadar dáoine áirighe úáinne noch do bhuaidhir sibhse lé briathruibh, agus do chláochluidh bhur ninntinne, dá rádh ribh, Bheith ar bhur dtimcheallghearradh, agus an reachd do choimhéud: dá nach dtugamar a leitheid sin dáithne:
25 Do chonncas dúinn, air tteachd déuntoil a gceann a chéile, dáoine tóghtha do chur chugaibhsi má ráon ré ar mbráithribh grádhacha Barnabas agus Pól,
26 Daóine thug a nanmanna féin ar son anma ar Dtighearna Iósa Críosd.
27 Ar a nadhbharsin do chuireamar chuguibh Iúdas agus Sílas, noch ínnéosas na neithesi as béul mar an gcéudna.
28 Oír do chonncas don Spiorad Náomh, agus dúinne, gan ni as mó dúalach do chur oruibh ná na neithe ríachdanachaso;
29 Go seachna sibh féin ar neithibh do níthear ofráil diodhaluibh, agus ar fhuil, agus ar ní tachduighe, agus ar striopthachus: má chongbhuithí sibh féin úatha so, is maith do dhéuntáoi. Slán libh.
30 Agus ar na léigeansan air siubhal, tangadar go Hantíochia: agus ar gcruinniughadh don phobal a gceann a chéile, túgadar an leitir úatha: