30 Agus ar na léigeansan air siubhal, tangadar go Hantíochia: agus ar gcruinniughadh don phobal a gceann a chéile, túgadar an leitir úatha:
31 Agus an tan do léigheadarsan an leitir, do ghabh gáirdeachus íad tres an ccomhfurtachd.
32 Mar an gcéadna ar mbeith do Iúdas agus do Shílas, na bhfaidhibh, do theaguisgeadar agus do neartuigheadar, na bráithre lé mórán briathar.
33 Agus tair éis íad fhuireach ann sin ar feadh tamuill, do leigeadar na bráithre íad a siothcháin úatha chum na nabsdal.
34 Achd do chonncas do Shilás comhnuighe ann sin.
35 Achd do fhan Pól agus Barnabas fós a Naintíochia, ag teagusg agus ag soisgéulughadh bhreithre an Tighearna, máráon fós ré mórán eile.
36 Achd a ndiáigh láetheadh áirighe a dubhairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuchain ar mbráithreach atá ann gach áon chathruigh ann a ndearnamar bríathar an Tighearna do sheanmóir, cionnus atáid síad.