4 Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóibh, do ghabhadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir chuca íad, agus dinniseadarsan méud na nitheann do rinne Día thríothadh.
5 Gidheadh déirghe dream áirighe deiriceachd na Bphairsíneach do chreid, ag rádh, Go ccaithfidh a ttimcheallghearradh, agus a chur dfíachuibh orrtha dligheadh Mháoisi choimhéud.
6 Ar a nadhbharsin tangadar na habsduil agus na seinnsir ar áonball dféuchuinn a dtimcheall a neithse.
7 Agus ar ndéunamh móráin diosbóireachda dhóibh, déirigh Peadar súas, agus a dubhairt sé ríu, A fheara agus a bhraithreacha, atá a fhios aguibhsi gur thog Día eadruinne fada ó shin, go gcluinfidis na Cineadhacha briathar an tsoisgéil as mo bhéalsa, agus go gcreidfidís.
8 Agus do rinne Día, dar ab aithne na croidhthe, fínné dhóibhsion, ag tabhuirt an Spiorad Náoimh dhóibh, chomhmaithlinne;
9 Agus ní dhearna sé éidirdhéalughadh ar bith eadruinne agus íad, ag glanadh a gcróidheadh lé creideamh.
10 Uime sin a nois créud fá bhfuiltí ag cur chathúighthe ar Dhía, ag cur chuinge ar mhuinéuluinbh na ndeisciobal, nar fhéudadar ar naithreacha ná sinn féin iomchar?