7 Agus ar ndéunamh móráin diosbóireachda dhóibh, déirigh Peadar súas, agus a dubhairt sé ríu, A fheara agus a bhraithreacha, atá a fhios aguibhsi gur thog Día eadruinne fada ó shin, go gcluinfidis na Cineadhacha briathar an tsoisgéil as mo bhéalsa, agus go gcreidfidís.
8 Agus do rinne Día, dar ab aithne na croidhthe, fínné dhóibhsion, ag tabhuirt an Spiorad Náoimh dhóibh, chomhmaithlinne;
9 Agus ní dhearna sé éidirdhéalughadh ar bith eadruinne agus íad, ag glanadh a gcróidheadh lé creideamh.
10 Uime sin a nois créud fá bhfuiltí ag cur chathúighthe ar Dhía, ag cur chuinge ar mhuinéuluinbh na ndeisciobal, nar fhéudadar ar naithreacha ná sinn féin iomchar?
11 Achd creidmíd go sláinéochthar sinn comhmaith léosan, tré ghrasuibh an Thighearna Iósa Chríosd.
12 Ann sin do thochdadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thríothadh féin eidir na Cineadhachuibh.
13 Agus ar sgur dha dtagra dhóibh, do fhreaguir Séumus, ag rádh, A fheara agus a bhráithreacha, éisdigh riumsa: