22 Agus ar gcur dheisi don mhuinntir do bhíodh ag minisdrálachd dó, eadhon Timotéus agus Erastus don Mhacedonia; dfan sé féin na Násia ar feadh tamuill.
23 Agus fá naimsin déirigh trioblóid nár bheag a dtimcheall shligheadh an Tighearna.
24 Oír do bhí ceard airgid áirighe dár bhainm Demétrius, do níodh teampuill airgid do Dhíana, agus fúair fabhálus nar bheag don luchd céirde.
25 Ar gcruinniughadh dhósan a raibh ré na leithéid sin do chried, a dubhairt sé ríu, A dháoine, atá a fhios aguibh gur leis an gcéirdse do gheibhmídne ar sochar.
26 Agus do chíthí agus do chluintí, gur fhill an Pólsa lé na bhríathraibh pobal mór, ní hé amháin a Nephesus, achd fós beag nach sa Násia uile, ag rádh nach Déé íad, do nithear lé lámhuibh:
27 Agus ní hí ar gcéird amháin as guáis dúinn do theachd chum masla; achd fós teampall na baindée móire Díana do dhul a dtarcuisne, agus go dtiocfadh chum críche go gcuirfí ar gcúl a morrdhachdsa, noch onóruigheas a Násia agus an domhan mór uile.
28 Agus ar na chlós so dhóibhsion, do líonadh íad dfeirg, agus do gháireadar, ag rádh, Is mór Díana na Nephésíanach.