27 Agus ní hí ar gcéird amháin as guáis dúinn do theachd chum masla; achd fós teampall na baindée móire Díana do dhul a dtarcuisne, agus go dtiocfadh chum críche go gcuirfí ar gcúl a morrdhachdsa, noch onóruigheas a Násia agus an domhan mór uile.
28 Agus ar na chlós so dhóibhsion, do líonadh íad dfeirg, agus do gháireadar, ag rádh, Is mór Díana na Nephésíanach.
29 Agus do bhí an chathuir uile ar na líonadh do bhúaidhreadh: agus do thiomáineadar déuntoil go háit chruinnighthe an phobail, agus rugadar ar Ghaíus agus ar Aristarcus, Macedónaigh, comhaisdrighe Phóil.
30 Agus ar na shantughadh do Phól dul a steach a measg an phobuil, níor leígeadar na deisciobail dó.
31 Agus mar an gcédna do chuireadar cuid áirighe dúachdaranuibh na Hasia, do bhí na gcáirdibh aige, teachda chuige, dá íarruidh air gan dul go háit chruinnighthe an pobuil.
32 Uime sin do éigh cuid díobh an nísi, agus cuid ní eile: óir do bhí an coimhthionól buaidheartha; agus ní raibh a fhios ag an gcuid na mó dhíobh créd é an tadhbhar fá dtangadar a gceann a chéile.
33 Agus rugadar amach ríu as a tslúagh Alecsandar, noch do thiomáineadar na Iuduighe rompa. Agus ar sméideadh Dhalecsandar lé na láimh, ag iarruidh éisdeachda, dob áill leis an tadhbhar dinnisin don phobal.