32 Uime sin do éigh cuid díobh an nísi, agus cuid ní eile: óir do bhí an coimhthionól buaidheartha; agus ní raibh a fhios ag an gcuid na mó dhíobh créd é an tadhbhar fá dtangadar a gceann a chéile.
33 Agus rugadar amach ríu as a tslúagh Alecsandar, noch do thiomáineadar na Iuduighe rompa. Agus ar sméideadh Dhalecsandar lé na láimh, ag iarruidh éisdeachda, dob áill leis an tadhbhar dinnisin don phobal.
34 Agus an tan do aithnigheadar gur Iudaighe é, do thógbhadar uile gáir ag éighmhe a dtimcheall dhá uáir, Is mór Díana na Nephésíanch.
35 Ann sin do chíuinaidh an cléireach an pobal, ag rádh, A luchd Ephesus, cía an duine ag nach bhfuil a fhios go nonóruigheann cathair na Nephésianach an bhaindía mhór Díana, agus a ní tháinic a núas o Iupiter?
36 Ar a nadhbharsin ó nach bhféudann duine ar bith cur na aghuidh so, is coir dhíbhsi súaimhneas do dhéunamh, agus gan éinni dhéunamh go hóbann.
37 Oír tugabhuir na dáoinesi libh, nach ar ghoid áoinní as na heagluisibh, agus nach dtug aithnis do bhur mbaindia.
38 Ar a nadhbharsin má atá adhbhar ag Demétrius, agus ag luchd a cheirde atá na fhochuir, ar dhuine ar bith, atá an chúirt ar bhfaghal, agus atáid na húachdaráinn ann: éilighidis féin a chéile.