6 Agus a ndul don tásgso amach, do chruinnigh an coimhthionól, agus do bhádar buáidheartha, do bhrígh go gcúaluidh gach áon aca iádsan ag labhairt ann a dteanguidh féin.
7 Agus do ghábh úathbhás, agus iongantas iád uile, ag rádh ré chéile, Féuch, a né nach Gaililéeanuigh íadso uile labhras?
8 Agus cionnas do chluinn sinne gach áon aguinn a theanguidh féin an a rugadh sinn?
9 Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitigheas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia,
10 A Bhphrígia, agus a Bpamphília, ann sa Négipt, agus a ranntuibh Libia timcheall Chiréne, agus coigcrióchtha na Rómha, agus Iúduidhe agus Proseliti.
11 Luchd Chréta agus Arábia, do chluinmíd iád ag labhairt ann ar dteangthuibh féin oibreacha mórdhálacha De.
12 Agus do ghabh úathbhás, agus amharas iád úile, ag rádh gach fear ré a chéile, Créd is ciáll dó so?