8 Agus cionnas do chluinn sinne gach áon aguinn a theanguidh féin an a rugadh sinn?
9 Parti, agus Médi, agus Elamíti, agus na dáoine áitigheas a Mesopotámia, agus a Níudéa, agus a Gcappadócia, a Bpontus, agus ann sa Násia,
10 A Bhphrígia, agus a Bpamphília, ann sa Négipt, agus a ranntuibh Libia timcheall Chiréne, agus coigcrióchtha na Rómha, agus Iúduidhe agus Proseliti.
11 Luchd Chréta agus Arábia, do chluinmíd iád ag labhairt ann ar dteangthuibh féin oibreacha mórdhálacha De.
12 Agus do ghabh úathbhás, agus amharas iád úile, ag rádh gach fear ré a chéile, Créd is ciáll dó so?
13 Agus a dubhradar dáoine eile ag fonomhad, Is lán dfíon mhilis atáid síad so.
14 Achd ar seasamh do Pheadar a bhfochair a naóin easbuil dég, dárdaigh sé a ghúth, agus do labhair sé ríu, A phobail Iúdaidhe, agus a luchd áitighe Iarusalém uile, bíodh a dheimhin só agaibh, agus éisdigh rém bhríathruibh: