1 Agus tar éis na ceannairce do chosg, do ghoir Pól na deisciobail chuige, agus air ngabháil a cheada ríu, da thríall sé dul úatha go Macedónia.
2 Agus ar ndul trés na críochuibhsin dó, agus ar na dteagusg lé hiomad briathar, táinic sé don Ghréig,
3 Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia.
4 Agus do chuáidh ris na chuideachda gus a Násia Sopater ó Bheréa; agus do luchd Tessalónica, Aristarchus agus Secundus; agus Gáius ó chathruigh na Deirbe, agus Timotéus; agus do luchd na Hasia, Tichicus agus Trophimus.