18 Agus mar thangadar chuige, a dubhairt sé ríu, Atá a fhios aguibhsi, cionnus do bhí misi bhur bhfochuir ann gach uile aimsir, ón chéud la tháinic mé do Násia,
19 Ag déunamh seírbhisi don Tighearna maille ré gach uile úmhlachd intinne, agus maille ré mórán déur, agus cathaighe, noch do éirigh dhamh do bhrígh chéilge na Niúdaigheadh:
20 Agus nár chongnaimh mé ní ar bith go folaightheach dár fhóguin, gan a fhoillsiughadh dhíbh, agus gan bhur dteagasg go puiblidhe, agus ó thígh go tígh,
21 Ag déunamh fíadhnuisi do na Iúduighibh agus do na Gréugachuibh, fá fhilleadh chum Dé a naithrighe, agus a gcreideamh ar Dtighearna Iósa Críosd.
22 Agus féuch, a nois, atáim ag dul go Híarusalém ceanguilte a spioruid, gan a fhios agum créd theigéumhus dhamh ann:
23 Achd amháin go ndéunann an Spiorad Náomh fíadhnuisi ann gach uile chathruigh dhamh, ag rádh go bhfuilid geimhleacha agus míoshuaimhneas ag fúireach leam.
24 Achd ní bhfuil cás agam a néinni, agus ní bhfuil cion agam ar manum féin, achd go dti dhíom mo thuras, agus an miniosdrálachd fuáir mé ón Dtighearna Iósa do choimhlíonadh maille ré gáirdeachus, ré fíadhnuise dhéunamh do dhóisgéul ghrás Dé.