22 Agus féuch, a nois, atáim ag dul go Híarusalém ceanguilte a spioruid, gan a fhios agum créd theigéumhus dhamh ann:
23 Achd amháin go ndéunann an Spiorad Náomh fíadhnuisi ann gach uile chathruigh dhamh, ag rádh go bhfuilid geimhleacha agus míoshuaimhneas ag fúireach leam.
24 Achd ní bhfuil cás agam a néinni, agus ní bhfuil cion agam ar manum féin, achd go dti dhíom mo thuras, agus an miniosdrálachd fuáir mé ón Dtighearna Iósa do choimhlíonadh maille ré gáirdeachus, ré fíadhnuise dhéunamh do dhóisgéul ghrás Dé.
25 Agus féuch, a nois, atá a fhios agam, nach bhfaicfidh éunduine aguibhsi, air ar shiobhail mé ag seanmóir ríoghachda Dé, maghaidh ó so amach.
26 Ar a nadhbharsin cuirim a fhíadhnuisi oruibhse a niugh, go bhfuilim glan ó fhuil na nuile dháoine.
27 Oír níor sheachain mé comhairle Dé fhoillsiughadh dhíbh go hiomlán.
28 Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire dhíbh féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náomh easbuig dhíbh, do bhéathughadh eagluíse Dé, noch do cheannaigh sé lé na fhuil féin.