29 Oír atá a fhios so agamsa, tar éis misi imtheachd go dtiocfuid madruigh allta ghéura bhur measg, nach coigeóla an tréd.
30 Agus fós éireóchuid dáoine dhíbh féin, noch laibheórus neithe sáobha, chum deisciobal do tharruing na ndiáigh.
31 Ar a nadhbharsin déunaidh faire, agus cuimhnighidh, nár sguir misi ar feadh thrí mbliadhan ag teagusg gach áon díbh do ló agus doidhche maille ré déuruibh.
32 Agus a nois, a bhráithréacha, cuirim sibh ar cumairce Dé, agus bhríathar a ghrás, noch fhéudas bhur dtógbháil súas, agus oíghreachd do thabhuirt díbh a bhfochair na nuile náomh.
33 Níor shanntaigh mé airgead, ná ór, ná éudach dhuine ar bhith.
34 Is aithne dhíbhsi féin, gur ab íad na lámhasa do sholáthair dhamh gach ní dhá raibh na riáchdanus orum féin, agus ar a raibh am fhochair.
35 Do fhoíllsigh mé dhíbh ann sna huile neithibh, gur ab ag sáothrughadh mar so is cóir dháoibh cungnamh leis ná hanbhfannuibh, agus bríathra an Tighearna Iósa do chuimhniughadh, mar a dubhairt sé, Is mó as beannaighe ní do thabhuirt ná do ghlacadh.